Bhí Fianna Fáil i bhfabhar cáin carbóin a thabhairt isteach sa Bhuiséad sular fógraíodh inniu í agus, ag labhairt dó le Nuacht RTÉ/TG4 inniu, chuir leascheannaire an pháirtí Dara Calleary fáilte roimpi:

"Tuigeann muid go mbeidh sé deacair ar dhaoine íoc as seo. Agus caithfimid cuidiú le daoine na hathruithe a dhéanamh a bhfuil gá leo. Chuir muidne i bhFianna Fáil brú ar an Rialtas an cháin seo a thabhairt isteach. Agus chuireamar brú orthu pé airgead a bhaileofaí as a chur ar leataobh le haghaidh tionscnaimh a bhaineann le hathrú aeráide."

Bhí an chuid eile den fhreasúra cáinteach, áfach.

Dara Calleary TD

Dúirt Aengus Ó Snodaigh ó Shinn Féin linn gur chóir don Rialtas díriú ar chuidiú a thabhairt do dhaoine athrú go foinsí nua fuinnimh: 

"Níl á dhéanamh leis an gcáin charbóin seo ach pionós a ghearradh ar dhaoine, go háirithe daoine óga atá amuigh ag obair agus a chaithfidh taisteal gach lá."

Aengus Ó Snodaigh TD

Dúirt an comhairleoir Peter Kavanagh ó Chomhaontas Glas linn gur "cosúil go raibh rás i bhFine Gael chun a laghad a dhéanamh agus ab fhéidir leo. Tá an t-ardú chomh beag i mbliana nach gcuireann sé isteach ar chor ar bith ar na daoine a bhfuil an lorg carbóin is mó acu."

Dúirt urlabhraí airgeadais Fhianna Fáil Michael McGrath gur dhona leo nach ndearna an Rialtas níos mó le dul i ngleic leis an éiginnteacht a bhaineann le himeacht na Breataine as an Aontas Eorpach.

Dúirt  sé cé gur theip ar an Rialtas i gcúrsaí sláinte, tithíochta agus i réimsí eile go dtacódh Fianna Fáil leis an mBuiséad seo - an ceann deiridh, a dúirt sé - faoin gcomhaontú muiníne agus soláthair. 

Michael McGrath TD

Dúirt sé freisin go bhfuil an tír seo ag brath rófhada ar chánacha corparáideacha ó chomhlachtaí idirnáisiúnta agus nach fios cén fhad eile a leanfas an scéal sin.

Dúirt urlabhraí airgeadais Shinn Féin Pearse Doherty go raibh faillí déanta ag an Rialtas i dteaghlaigh agus in oibrithe na tíre.

Dúirt sé go raibh easpa smaointe agus easpa polasaithe ar an Rialtas agus nach raibh aon fhuascailt acu ar dheacrachtaí móra na linne.

Pearse Doherty TD

Dúirt urlabhraí Pháirtí an Lucht Oibre ar chúrsaí fostaíochta agus coimirice sóisialaí, an Seanadóir Ged Nash, gur theip ar an Rialatas agus ar Fhianna Fáil tacú le daoine ar ioncam íseal agus ar ioncam seasta.

An Seanadóir Ged Nash

Dar leis an gComhairleoir Deirdre Ní Fhloinn ó Chomhaontas Glas nach bhfuil a ndóthain déanta ag an Rialtas sa Bhuiséad seo le dul i ngleic leis an nganntanas tithíochta ná le daoine a chonneáil amach ó lóistín éigeandála.

Richard Boyd Barrett TD

"An-díomách agus caomhach a thug an Teachta Dála Richard Boyd Barrett ó Dhlúthpháirtíocht-Pobal Seachas Brabús ar an mBuiséad. Dúirt sé gur céim ar gcúl a bhí sa cháin charbóin agus go n-ardódh billí breosla daoine atá ag streachailt leis an saol cheana féin dá barr.

Róisín Shortall TD

Cháin an Teachta Dála Róisín Shortall ó na Daonlathaithe Sóisialta an Rialtas faoi nár ardaíodh liúntais leasa shóisialaigh de réir an ráta boilscithe.