Bhagair Cathaoirleach Choiste na nOileán i gComhairle Contae Dhun na nGall, cruinniú ceann bliana an choiste a chur ar athló ar maidin.

Dúirt an Comhairleoir John Sheamuis Ó Fearraigh, go raibh sé seo á mholadh aige de bharr chomh míshásta agus a bhí sé nach bhfuil airgead ar bith d'oileáin an chontae ceadaithe go dtí seo i mbliana ag Roinn na Gaeltachta.

Dúirt se gur chuir an coiste comhfhreagras chuig an Aire Gaeltachta ar an 10 Iúil ag lorg cruinnithe leis faoin cheist, ach nach bhfuil dul chun cinn ar bith déanta ó shin.

Toghadh an Comhairleoir  Ó Fearraigh in athuair mar Chathaoirleach ar an gCoiste ag cruinniú an lae inniu agus toghadh an Noreen Nic Gairbheith mar Leas-Chathaoirleach.

Dúirt Ó Fearraigh go bhfuil géarghá le cruinniú leis an Aire agus nach bhfuil sé maith go leor go bhfuiltear ag druidim ar dheireadh na bliana agus nach bhfuil airgead ar bith caite go dtí seo i mbliana ar na hoileáin.