Tá imní léirithe ag Cathaoirleach an Choiste Iompair, Turasóireachta agus Spóirt,Fergus O'Dowd go bhfuil margadh déanta ag an FAI agus John Delaney.

Sin 8 lá sula bhfoilseofar tuairisc an iniúchóra faoin gcumann.

Iar-Phríomhfheidhmeannach an FAI,John Delaney

Dúirt Fergus O Dowd, go bhfuil an iniúchadh bunaithe ar chumas an FAI, airgeadas poiblí a láimhseáil - agus go bhfuil imní ar dhaoine faoi thodhchaí an chumainn.

Thug Fergus O'Dowd agallamh ar an gclár raidió de chuid RTÉ, Morning Ireland inar léirigh sé a thuairim gurbh fhearr don FAI fanacht go mbeadh an tuarascáil foilsithe, sula ndéanfaí aon mhargadh le John Delaney.

An Seanadóir Pádraig Ó Céidigh

Dúirt an Seanadóir Pádraig Ó Céidigh, ball eile den fhochoiste sin áfach, go gcreideann sé go raibh an ceart ag an FAI maidir lena gcur chuige.

Aontaíonn Padraig Ó Céidigh leis an méid atá ráite ag Fergus O'Dowd, ag iarraidh go bhfoilseofaí na téarmaí scoir a haontaíodh le Delaney.

Rinne an Seanadóir a chuid cainte le linn agallaimh a thug sé do Nuacht RTÉ/TG4 inniu.

Inné, cháin an tAire Spóirt, Shane Ross an rúndacht a bhain leis na figiúirí a haontaíodh sa bpacáiste scoir.