Tá Conradh na Gaeilge ag éileamh ar an Aire Airgeadais Paschal Donohoe maoiniú breise de €5 milliún a chur ar fáil do phlean infheistíochta don Ghaeilge agus don Ghaeltacht i mBuiséad 2020 atá le fógairt aige coicís ó inniu.

Shuigh gníomhaithe teanga ó gach cearn den tír síos le Teachtaí Dála agus Seanadóirí áitiúla ó gach páirtí inniu chun a n-imní i dtaobh mhaoiniú na Gaeilge agus na Gaeltachta a chur in iúl mar chuid de lá stocaireachta atá eagraithe ag Conradh na Gaeilge agus a dtugtar "Clinic na Gaeilge" air.

In Óstán Buswells in aice Theach Laighean atá an seisiún ar siúl agus mairfidh sé suas le deich n-uaire a chloig.

Dar leis an gConradh go gcruthódh an plean infheistíochta atá acu thart ar 1,190 post in earnálacha éagsúla.

Sa bhliain 2015 a sheol an Conradh an plean i dtosach i gcomhpháirt le 70 eagras Gaeilge eile.

Sa phlean sin, éilíodh go dtabharfaí €18 milliún sa bhreis don teanga idir 2016 agus 2019 - idir mhaoiniú a dháilfí ar Údarás na Gaeltachta agus airgead a bhronnfaí ar Fhoras na Gaeltachta.

Go dtí seo, tá €6.3 milliún den €18 milliún sin curtha ar fáil, a deir Ard-Rúnaí Chonradh na Gaeilge Julian de Spáinn.

"Táimid ag éileamh inniu go dtabharfadh an Rialtas €5 milliún sa bhreis in 2020 do chúrsaí Gaeilge agus Gaeltachta, cruthú post sa nGaeltacht ach go háirithe", a dúirt an Spáinneach.

Dúírt bainisteoir Chomharchumann Forbartha Chorca Dhuibhne Páidí Ó Sé gur mór dóibh an maoiniú breise atá faighte acu le cúpla bliain anuas.

"Ach i ndáiríre táimid ag lorg an airgid a bhíodh ann b’fhéidir deich mbliana ó shin a thabhairt ar ais. Tá banú na tuaithe dochreidte. Fuaireamar airgead sa bhreis anuraidh agus d’ardaigh sé croí an phobail," a dúirt sé.

Bhí Aire Stáit na Gaeilge agus na Gaeltachta Seán Kyne i láthair ag an ócáid inniu. Dúirt sé nach bhfuil sé de chumas aige aon ghealltanas a thabhairt maidir leis an mBuiséad.

"Tá cinntí móra le déanamh ag an Aire Airgeadais Pascal Donohue i mbliana," a dúirt sé. "Caithfidh sé cluas éisteachta a thabhairt do na feirmeoirí agus do lucht gnó, go háirithe i bhfianaise an imeacht na Breataine as an Aontas Eorpach."

Polaiteoirí ag seisiún Chonradh na Gaeilge inniu

Tá an Teachta Dála Neamhspleách Catherine Connolly ina cathaoirleach ar an gComhchoiste Oireachtais ar Chúrsaí Gaeilge, Gaeltachta agus na nOileán.

"Má táimid dáiríre faoin Straitéis 20 Bliain [don Ghaeilge], faoin bplean gníomhaíochta agus chuile pholasaí eile, seo airgead suarach [atá á éileamh ag an gConradh] i ndáiríre," a dúirt sí.