Dúirt an Taoiseach Leo Varadkar go bhfuil deireadh le cur de réir a chéile le taiscéalaíocht ola i bhfarraigí na hÉireann.

Bhí an Taoiseach ag labhairt i Nua- Eabhrac, mar a bhfuil sé le haitheasc a thabhairt ag cruinniú mullaigh na Náisiún Aontaithe faoi chúrsaí aeráide.

Tá an Taoiseach le fógairt thall freisin gur ar bheartais leis an aeráid a fheabhsú amháin a chaithfear an t-airgead ar fad a thiocfas ó chánacha éagsúla carbóin sa tír seo feasta.

Thug saineolaithe aeráide le fios inniu go bhfuil an ghéarchéim dhomhanda aeráide ag treisiú níos tapúla agus níos measa ná mar a bhíothas ag ceapadh.

I Nua-Eabhrac amárach chomh maith, beidh cruinniú ag an Taoiseach le Príomh-Aire na Breataine Boris Johnson. 

Dúirt Leo Varadkar go n-oibreodh an bheirt fhear go dtí an nóiméad deireanach le cinntiú nach n-imeodh an Bhreatain as an Aontas Eorpach gan margadh ach nach ndéanfar sin ar aon chostas.