Léiríonn suirbhé nua go n-éiríonn le caimiléirí a shé oiread níos mó airgid a bhaint de dhaoine amach sna blianta ná mar a bhaineann siad de dhaoine óga gur thart ar €1,300 ar an meán a bhíonn i gceist gach uair.

Fuarthas amach freisin go bhféachtar leis an gcaimiléireacht seo a dhéanamh ar dhuine as gach cúigear sa tír atá amach sna blianta uair sa tseachtain ar a laghad, agus go bhfuil sé tarlaithe do dhuine as gach triúr de phobal na tíre.

Is iad Cónaidhm Baincéireachta agus Íocaíochtaí na hÉireann a rinne an suirbhé.

Tá feachtas náisiúnta ar bun an tseachtain seo chun aird a tharraingt ar an gceist.