Maraíodh bean 69 bliain d'aois nuair a leag carr í taobh amuigh de bhaile Dhún na nGall aréir.

Tharla an eachtra agus an bhean amuigh ag siúl ag thart ar 8 a chlog aréir. 

Deimhníodh ar an láthair go raibh sí caillte agus cuirfear scrúdú iarbháis ar a corp níos deireanaí in Ospidéal na hOllscoile i Leitir Ceanainn. 

Tá an bóthar dúnta fad is atá scrúdú teicniúil agus fóiréinseach á dhéanamh ar láthair na heachtra.