I gCo an Chabháin, tá na Gardaí ag leanacht dá gcuid fiosruithe san áit a gceapann siad a coinníodh in aghaidh a thola Kevin Lunney, feidhmeannach sinsearach an chomhlachta Quinn Industrial Holdings.

Seo an dara lá ag na Gardaí a bheith ag tóraíocht cóngarach do Bhéal Átha na nEach.

Fuadaíodh agus tugadh drochbhualadh do Kevin Lunney Dé Máirt seo caite agus tá sé fós faoi chúram dochtúra san ospidéal.

Tá na Gardaí agus póiliní an Tuaiscirt ag fiosrú an ionsaithe a tharla gar dá theach cónaithe i nDoire Loinn i gCo Fhear Manach.