Beidh cainteanna faoi imeacht na Breataine as an Aontas Eorpach ag Uachtarán Chomhairle na hEorpa Donald Tusk agus Príomh-Aire na Breataine Boris Johnson i Nua-Eabhrac Dé Luain seo chugainn. 

Is le linn thionól na Náisiún Aontaithe sa chathair a bheas an cruinniú ar siúl.

Níl ach beagán le cois dhá scór lá fágtha anois roimh an spriocam faoina bhfágfaidh an Bhreatain an tAontas Eorpach.

Dúirt an Tánaiste Simon Coveney inniu go bhfuil bearna shuntasach i gcónaí idir éilimh na Breataine agus an méid atá an tAontas Eorpach sásta géilleadh.

Ag seimineár i nDún Dealgan inniu, phléigh státseirbhísigh shinsearacha ó Éirinn agus ón Ríocht Aontaithe na himpleachtaí a bhainfeadh le dealú na Breataine ón Aontas gan aon mhargadh a bheith déanta.