D'oscail an Taoiseach Leo Varadkar go hoifigiúil inniu an rúidbhealach athchóirithe ag Aerfort Chnoc Mhuire i gCo Mhaigh Eo.

Ag ócáid speisialta ansin, ghearr an Taoiseach an ribín dearg ag barr an rúidbhealaigh atá 2,400 méadar ar fhad. 

€11.2 milliún a chosain an obair le dromhchla nua a chur ar an rúidbhealach agus is é an Stát a chuir 75% den mhaoiniú sin ar fáil.

Seo an chéad uair a ndearnadh athchóiriú ar an rúidbhealach ó osclaíoch an t-aerfort i 1985. 

Bheannaigh sagart paróiste Chnoc Mhuire, an tAthair Richard Gibbons, an rúidbhealach agus bhronn sé buidéal uisce coisricthe ar an Taoiseach.

Dúirt sé le Leo Varadkar go raibh súil aige go bhféadfadh sé leas a bhaint as an uisce ag an gcruinniú a bheas aige le Príomh-Aire na Breataine i Nua-Eabhrac an tseachtain seo chugainn. 

Dúirt an Taoiseach go gcuireann an t-aerfort go mór leis an ngeilleagar áitiúil agus réigiúnach agus go bhfuil an Rialtas chomh tiomanta dó anois agus a bhí riamh. 

Meastar go rachaidh os cionn 800,000 paisinéir trí Aerfort Chnoc Mhuire i mbliana.