Táthar le 100 oibrí a ligean chun siúil go sealadach ag monarcha feola ABP sa Chathair, Co Thiobraid Árann, de bharr na n-agóidí atá ar bun ag feirmeoirí mairteola ansin.

Tá sé seo sa bhreis ar na 355 oibrí a scaoileadh chun bealaigh ag tús na seachtaine.

I ráiteas a rinne an comhlacht, dúirt siad go raibh an agóid ag cur gach post sa mhonarcha i mbaol chomh maith le slí bheatha an 1,300 feirmeoir a chuireann beithígh ar fáil don mhonarcha.

Thángthas ar mhargadh an deireadh seachtaine seo caite a raibh sé i gceist dá bharr go gcuirfí deireadh le picéid ag monarchana feola.

Níor cuireadh an margadh i bhfeidhm, áfach, agus níl aon chosúlacht réitigh ar an aighneas.