Rialaigh an Chúirt Achomharc i mBéal Feirste go gcaithfidh na póilíní sa Tuaisceart fiosrúchán a bhunú faoin gcaoi ar caitheadh le ceathrar fear déag ar thug Arm na Breataine drochíde dóibh sa bhliain 1971. 

Tagann rialú na cúirte inniu le rialú a bhí déanta cheana ag an Ardchúirt i mBéal Feirste maidir leis an gcás. Ba iad póilíní an Tuaiscirt a rinne an t-achomharc. 

Gabhadh na fir nuair a tugadh isteach imtheorannú sa Tuaisceart i mí Lúnasa 1971. Imríodh díothú céadfach orthu ar bhealaí éagsúla - ina measc cochall bheith orthu ar feadh tréimhse leanúnach, iad a fhágáil gan chiúnas, gan uisce, gan chodladh ná bia, agus iad a chur i riocht sceimhlithe.

Rialaigh an Chúirt Eorpach um Chearta an Duine i 1978 agus arís anuraidh nach céasadh a bhí sa drochíde a tugadh do na fir, ach malairt tuairime a thug an Chúirt Achomharc i mBéal Feirste a rialaigh ar maidin go raibh sé de cheart céasadh a thabhairt air i dtéarmaí an lae inniu. 

Níor ciontaíodh aon saighdiúir riamh as an drochíde.