Eagrófar máirseáil i nDoire Loinn i gCo Fhear Manach inniu chun tacú le Kevin Lunney, an feidhmeannach i gcomhlacht Quinn Industrial Holdings a fuadaíodh agus a buaileadh go dona tráthnóna Dé Máirt seo caite.  

Tá na Gardaí agus póiliní sa Tuaisceart ag fiosrú an ionsaithe a tharla gar dá theach cónaithe i nDoire Loinn. 

Tugadh Kevin Lunney chun bealaigh, tugadh drochbhualadh dó agus caitheadh amach ar thaobh an bhóthair é trasna na teorann i gCo an Chabháin. Bhain drochghortuithe dó.

Tá an t-ionsaí cáinte ag iarúinéir an chomhlachta Seán Quinn a dúirt go raibh sé "barbartha."