Tá na mílte daltaí scoile ag leirsiú ar shráideanna na tíre inniu agus iad ag éileamh ar an Rialtais gníomhú láithreach maidir le hathrú aeráide.

Tá siad mar chuid de léirsithe idirnaisiúnta atá eagraithe ag daltaí i dtíortha ar fud an domhain agus deir an lucht eagraithe go bhfuil siad ar na léirsithe is mó a chonacthas riamh.

Seo an tríú leirsiú dá leithéid sa tír seo agus beidh tacaíocht ag na daltaí ó cheardchumainn, ó eagraíochtaí a bhfuil bunús creidimh leo agus ó ghrupaí gníomhaíochta aeráide.

Tá na daltaí ag iarraidh ar an Rialtas athruithe suntasacha a chur i bhfeidhm láithreach le dul i ngleic le hathrú aeráide.