Beidh cruinniú ag an Taoiseach Leo Varadkar le Príomh-Aire na Breataine Boris Johnson in oifigí na Náisiún Aontaithe i Nua-Eabhrac an tseachtain seo chugainn.

Dúirt an Taosieach tráthnóna cé go bhfuil toil ann ar an dá thaobh teacht ar réiteach faoi imeacht na Breataine as an Aontas Eorpach go bhfuil bearnaí ollmhóra ann i gcónaí agus an spriocdháta Oíche Shamhna ag teannadh linn.

Dúirt an Tánaiste, an tAire Gnóthaí Eachtracha, Simon Coveney níos luaithe inniu nach bhfuil fírinne ar bith sa chaint go bhfuil iarrachtaí móra ar bun ag Rialtas na Breataine dul chun cinn a dhéanamh faoi imeacht na tíre sin as an Aontas Eorpach.

Dúirt sé nár chiallaigh an cruinniú a bhí i mBaile Átha Cliath aréir ag an Taoiseach Leo Varadkar le ceannaire an DUP Arlene Foster go bhfuil dul chun cinn déanta.

Dúirt an Tánaiste nach bhfuil mórán ama anois ag Rialtas na Breataine le moltaí fiúntacha a dhéanamh faoi mhargadh nua a fháil.

Ina dhiaidh sin féin, tá sé ráite ag Rialtas na Breataine go bhfuil cáipéisí teicniúla, mar a tugadh orthu, roinnte acu leis an Aontas Eorpach ina leagtar amach na bealaí a bhfuil siad ag iarraidh athrú a chur ar gcomhaontú aistarraingthe.

Dúradh go ndéanfaí moltaí foirmiúla nuair a bheidís réitithe.

Agus bhí cruinniú ag an Aire Airgeadais Paschal Donohoe le Seansailéir na Breataine Sajid Javid i dTeach Farmleigh i mBaile Átha Cliath inniu. Tuigtear gur phléigh siad a ndearcthaí éagsúla ar dhealú na Breataine ón Aontas Eorpach ag an gcruinniú i dTeach Farmleigh.