Tá an fear os cionn ceithre scór a bhí á cheistiú faoi bhás fir in Achadh Mór gar do Bhéal Átha hAmhnais i gCo Mhaigh Eo arú aréir scaoilte saor ag na Gardaí gan aon chúis a bheith curtha ina leith.

Dúradh go bhfruil comhad faoin gcás á réiteach le cur chuig an Stiúrthóir Ionchúiseamh Poiblí.

Maraíodh Brendan Kilduff, a bhí os cionn seasca bliain d'aois, nuair a lámhachadh é taobh amuigh de theach in Achadh Mór go gairid roimh mheánoíche Dé Máirt.

Dúirt na Gardaí go gcreideann siad gur timpiste thragóideach a bhí ann.