Vótáil feirmeoirí a bhí ag léirisú ag monarcha próiseála feola i gCo Phort Láirge i bhfabhar deireadh a chur lena n-agóid ach tá cuid acu fós i mbun picéid ann. 

Níl sé soiléir fós an éireoidh siad as an agóid ag monarcha ABP i bPort an Chalaidh.

D'éirigh feirmeoirí eile as an bpicéad a bhí ar bun acu ag monarcha Dawn Meats i gCo na Mí inné.

Tá cruinnithe ar bun ar fud na tíre féachaint an leanfar ar aghaidh leis na léirsithe taobh amuigh de na monarchana próiseála feola eile.

Dúirt Uachtarán Fheirmeoirí Aontaithe Éireann Joe Healy ar maidin gur cheart do na monarchana oscailt arís ar an bpointe boise.