Dúirt Uachtarán an Choimisiúin Eorpaigh Jean-Claude Juncker, a bhfuil deireadh ag teacht lena théarma oifige, le feisirí Eorpacha i Strasbourg gur cosúil anois go bhfuil baol mór ann go n-imeoidh an Bhreatain as an Aontas gan aon socrú.

Dúirt Jean-Claude Juncker nach bhfuil aon cheangal mothúchánach aige féin leis an gcúlstad in Éirinn ach gur iarr sé ar Phríomh-Aire na Breataine Boris Johnson arú inné malairt moltaí ar an gcúlstad a chur chuige i scríbhinn.

Dúirt sé nach bhfuil sé i gceist aige tada a dhéanamh sa chúpla seachtain eile a mbeidh sé i mbun oifige a chuirfeadh as do stádas na tíre seo san Aontas ar mhaithe le margadh a fháil don Bhreatain.