Tá an cás a bhaineann leis an bhfear a dtugtar Saighdiúir F air - iarshaighdiúir in Arm na Breataine atá cúisithe i mbeirt a dhúnmharú ar Dhomhnach na Fola sa bhliain 1972 - curtha siar go dtí mí na Nollag. 

Chomh maith le dúnmharú James Wray agus William McKinney, tá Saighdiúir F cúisithe in iarracht cúigear eile a dhúnmharú.

Chaith agus mharaigh saighdiúirí in Arm na Breataine ceithre shibhialtach déag - ógánaigh a bhformhór - i nDoire ar 30 Eanáir 1972. 

Maraíodh iad agus gortaíodh ceithre dhuine dhéag eile nuair a scaoil saighdiúirí ó reisimint na bparatrúpaí le slua a bhí ag glacadh páirte i máirseáil cearta sibhialta. 

Ní raibh Saighdiúir F sa chúirt inniu don éisteacht, ach bhí ocht nduine fhichead de ghaolta na ndaoine a maraíodh i láthair.

Déanfar cinneadh sa chúirt an bhfuil nó nach bhfuil dóthain fianaise ann le go gcuirfí an t-iarshaighdiúir ar a thriail.