Deir bialanna nach mbeidh mairteoil ar an mbiachlár acu ón tseachtain seo chugainn amach mura gcuirfear deireadh leis na léirsithe taobh amuigh de mhonarchana próiseála feola.

Tá feirmeoirí i mbun agóidíochta taobh amuigh de na monarchana le trí seachtaine agus iad ag iarraidh go n-íocfaí praghas níos fearr leo ar a gcuid beithíoch.

Tá eagraíochtaí feirmeoireachta ag moladh go nglacfaí leis na moltaí réitigh a rinneadh ag an deireadh seachtaine, ach níl aon ghlacadh ag lucht agóide leo.

Dúirt Adrian Cummins ó Chumann Bhialanna na hÉireann nach bhfuil aon fheoil á tabhairt chuig na bialanna agus d'iarr go gcuirfí deireadh leis na léirsithe ar mhaithe le pobal na tíre. 

Ag labhairt dó ar RTÉ Raidió na Gaeltachta, dúirt Príomh-Aoire an Rialtais agus Aire Stáit na Gaeltachta, Seán Kyne, gur cheart do gach dream atá páirteach san aighneas seasamh siar agus cead a thabhairt don obair sna monarchana dul ar aghaidh.