Lámhachadh agus maraíodh fear os cionn seasca bliain d'aois in Achadh Mór gar do Bhéal Átha hAmhnais, Co Mhaigh Eo, go gairid roimh mheánoíche aréir.

Tá fear os cionn ceithre scór gafa ag na Gardaí mar gheall ar an eachtra agus creideann siad gur timpiste thragóideach a bhí ann.

Tuigtear gur chuala an fear torann taobh amuigh dá theach, go ndeachaigh sé amach, gur scaoil sé roinnt urchar agus gurb é bás an fhir eile an toradh a bhí air.

Tá an fear a gabhadh á choinneáil i stáisiún na nGardaí i gCaisleán an Bharraigh.