Dúirt an Tanáiste agus an tAire Gnóthaí Eachtracha Simon Coveney ag cruinniú an Rialtais inniu go raibh comhrá fada aige inné le príomh-idirghabhálaí an Aontais Eorpaigh maidir le himeacht na Breataine as an Aontas, Michel Barnier.

Dúirt Michel Barnier leis an Tanáiste go bhfuil cainteanna ag leanacht ar aghaidh i gcónaí leis an mBreatain ach nach bhfuil aon mholtaí déanta acu. 

Thug Simon Coveney le fios freisin go raibh cainteanna neamhfhoirmiúla aige le roinnt airí i Rialtas na Breataine.

Ina dhiaidh sin féin, dúirt an Tanáiste go bhfuil baol níos mó anois ná riamh ann gur imeacht gan mhargadh a bheas ann agus go bhfuil socruithe á ndéanamh sa chás go dtarlódh sé sin.

Tá an Tanáiste le meamram a chur faoi bhráid an Rialtais as seo go ceann roinnt seachtainí faoi na hionaid seiceála a chuirfí gar don teorainn dá n-imeodh an Bhreatain as an Aontas gan socrú a dhéanamh.