Tá aip nua seolta chun cabhrú le daoine cur isteach ar obair dheonach a dhéanamh in eagraíochtaí carthanachta na tíre.

I-VOL is ainm don aip nua a bunaíodh chun eolas a chur ar fáil do dhaoine faoin obair dheonach a fhéadfas siad a dhéanamh ina gceantar féin.

Beidh daoine ábalta próifíl a chruthú ar an aip bunaithe ar an áit a bhfuil siad ina gcónaí, ar an gcineál oibre a bhfuil suim acu inti agus ar na huaireanta atá siad ar fáil. 

Dúirt príomhfheidhmeannach Obair Dheonach Éireann Nina Arwitz gurb iontach an áis í an aip nua. Dúirt sí go bhfuil 23,000 oibrí deonach á lorg ag 8,600 eagraíocht ar I-VOL faoi láthair.

Tá an aip maoinithe ag an Roinn Tuaithe agus Forbartha Pobail agus is féidir í a íoslódáil ar App Store agus Google Play Store.