B'éigean slándáil bhreise a chur i bhfeidhm ag an seastán atá ag Bord Bia ag an gComórtas Náisiúnta Treabhadóireachta inniu nuair a thug grúpa feirimeoirí ansin aghaidh ar oifigigh ón áisíneacht. 

Cheistigh na feirmeoirí iad faoi fheoil as an tír seo a bheith á próiséáil sa Bhreatain agus í a bheith á cur ar ais go hÉirinn le díol.

Cuireadh i leith Bhord Bia nach raibh an áisíneacht ag tacú le feirmeoirí na tíre seo.

Tá súil le os cionn 300,000 duine ag an gComórtas Náisiúnta Treabhadóireachta i mBaile an Treathain, Fionnmhach, Co Cheatharlach as seo go dtí Déardaoin.

Chuir an tUachtarán Michael D Higgins tús oifigiúil leis na himeachtaí ansin tráthnóna.