Tá na Gardaí agus póilíní ón Tuaisceart i mbun cuardaigh arís inniu i gceantar foraoise in Ó Méith i gCo Lú mar chuid dá bhfiosrúchán faoi dhúnmharú Shaoirse Smyth as Béal Feirste.

28 bliain d'aois a bhí Saoirse Smyth nuair a d'imigh sí gan tuairisc i mBéal Feirste thart ar 11 Aibreán 2017 agus ní bhfuartha a corp riamh. Ceaptar go ndeachaigh sí ó dheas trasna na teorann go dtí Ó Méith.

Meastar go bhféadfadh cuardach na nGardaí leanacht ar aghaidh ar feadh coicíse. 

Deir na póilíní sa Tuaisceart gur andúileach drugaí ab ea Saoirse arbh fhurasta do choirpigh teacht i dtír uirthi.