Cuireadh tús sa Chúirt Uachtarach i Londain inniu leis an achomharc atáthar a dhéanamh sna cásanna faoi gur scoireadh parlaimint Westminster go dtí lár na míosa seo chugainn.

Mairfidh an éisteacht trí lá agus beidh na breithiúna ag iarraidh a dhéanamh amach an raibh cinneadh an Phríomh-Aire Boris Johnson an pharlaimint a scor ar feadh cúig seachtaine dleathach nó muna raibh.

Níl aon tsúil le rialú an aon bhreitheamh déag atá sa chúirt go dtí Dé hAoine ar a thúisce.