Tá sé i gceist ag an Seanadóir Neamhspleách Rónán Mullen reachtaíocht a chur faoi bhráid an tSeanaid an Fómhar seo ag iarraidh go gcuirfí deireadh leis an tuarastal ard a fhaigheann cuid de chraoltóirí RTÉ.

Ag labhairt dó ar RTÉ Raidió na Gaeltachta, dúirt  sé go bhfuil sé ag iarraidh go mbeadh na craoltóirí sin ag fáil an ráta chéanna pá agus a fhaigheann  daoine sa tseirbhís phoiblí.

Dúirt an comhairleoir cumarsáide agus iarléiritheoir in RTÉ, Cillian Fennell, ar RnaG freisin gur leis an Rialtas iarracht a dhéanamh réiteach a fháil ar na deacrachtaí atá ag an gcraoltóir náisiúnta.

I nóta a cuireadh chuig an bhfoireann ag tús na míosa seo, dúirt Ardstiúrthóir RTÉ Dee Forbes go bhfuil géarchéim airgeadais sna meáin chumarsáide seirbhíse poiblí.

Dúirt sí go bhfuil athbhreithniú á dhéanamh ag feidhmeannas RTÉ agus Bord RTÉ ar gach rud atá ar bun ag an eagraíocht agus go gcuirfear sonraí ar fáil don fhoireann chomh luath agus is féidir. 

D'iarr Rónán Mullen freisin nach ndéanfadh RTÉ aon chiorruithe ar na seirbhísí réigiúnacha a chuireann an eagraíocht ar fáil. 

Mhaígh sé go gcuireann RTÉ an iomarca béime cheana féin ar imeachtaí i mBaile Átha Cliath i gcomparáid leis an gcuid eile den tír.