Bhain taighdeoirí ó Ollscoil na hÉireann Gaillimh úsáid inniu as drón le cógais leighis don ghalar diabaetas a thabhairt go hInis Mór in Árainn.

As Aerfort na Minna i gConamara a d'imigh an drón ar thuras 15 nóiméad trasna an chuain.

18 cilíméadar d'aistir a rinne an drón.

Cógas don diabaetas á chur ar bord an dróin

Seo é an chéad uair riamh ar tharla a leithéid seo, in aon áit ar domhan.

Cheadaigh Údarás Eitlíochta na hÉireann an drón dul chun bealaigh idir dhá eitilt.

Cuireadh an cógas leighis ar phacáiste speisialta ar bord an dróin.

Bhí an dochtúir teaghlaigh áitiúil ag fanacht leis thall in Inis Mór lena bhailiú.

Tá súil anois go bhféadfar seirbhís mar seo a fhorbairt amach anseo.