Dúirt Uachtarán an Choimisiúin Eorpaigh, Jean Claude Juncker nach bhfuil aon ní fónta molta fós ag an Bhreatain le cur in áit an chúl stad do Thuaisceart Éireann.

Bhí cruinniú aige le Príomh Aire na Breataine,Boris Johnson níos túisce inniu. 

Príomh Aire Lucsamburg, Xavier Bettel ina sheasamh leis féin

Dúirt Jean Claude Juncker gur faoin Ríocht Aontaithe a bhí sé teacht suas le moltaí a bheadh dleathach agus a bhféadfaí iad a chur i bhfeidhm, sin má theastaigh uathu fáil réidh leis an gcúl stad.

Dúirt an Príomh Aire Johnson gur bhraith sé gur cruinniú dearfach a bhí ann inniu i Lucsamburg agus go bhfuil sé dóchasach  go ndéanfar dul chun cinn sna cainteanna ar an Bhreatimeacht.

An Príomh Aire Johnson i ndiaidh a chruinnithe le hUachtarán an Choimisiúin Jean Claude Juncker

Dúirt sé freisin áfach go mbeidh an Bhreatain ag fágáil an Aontais ar an 31ú Deireadh Fómhair, 'bíodh margadh ann nó ná bíodh' mar a dúirt sé.

Bhí an Príomh Aire Johnson le preasagallamh a bheith aige i dteannta Phríomh Aire Lucsamburg ina dhiaidh sin tráthnóna inniu, ach níor tháinig sé i láthair.

Dúirt Príomh Aire Lucsamburg, Xavier Bettel nach focail ó Rialtas na Breataine i dtaca le Comhaontú Aistharraingte a theastaigh a thuilleadh, ach gníomh.

Dúirt sé go raibh pobal na Breataine ar fad ag braith anois ar an Uasal Johnson agus nach bhféadfaí a dtodhchaí a fhágáil go leataobh ar mhaithe leis an bpolaitíocht.

Caitheadh maslaí freisin le Boris Johnson le linn dó a bheith ag labhairt le hiriseoirí tráthnóna.