Tá Stát Rúnaí an Tuaiscirt, Julian Smith i mBaile Átha Cliath tráthnóna chun sraith cruinnithe a bheith aige le hAirí Rialtais.

Casfaidh sé leis an Aire Gnóthaí Eachtracha, Simon Coveney agus an tAire Dlí is Cirt,Charlie Flanagan.

Foirgneamh Stormont i mBéal Feirste

Tuigtear go bpléifear Comhthionól Stormont a chur ar ais ar a chosa arís, i measc nithe eile.

Tá Julian Smith ina Stát Rúnaí sa Tuaisceart anois ó ceapadh é in áit Karen Bradley ag deireadh mhí Iúil.