Tá ardú d'os cionn 10% tagtha ar phraghas ola ar na margaí ar maidin.

Sin i bhfianaise na n-ionsaithe a rinneadh ar 2 ionad próiseála ola san Arab Shádach i rith an deireadh seachtaine atá imithe.

Dúirt Uachtarán na Stát Aontaithe, Donald Trump go bhfuil a fhios ag seirbhísí faisnéise na tíre cé a rinne na hionsaithe.

Tá sé séanta ag an Iaráin gurbh í a bhí freagrach as na hionsaithe.