Dúirt Príomh-aire na Breataine, Boris Johnson go bhfuil dóchas áirithe aige  go n-aimseofar socrú faoin mBreatimeacht agus go bhfuil cruth garbh ar an tsocrú cheana féin.

Dúirt sé go mbeidh tuairim níos fearr aige i ndiaidh cruinniú a bheidh aige le príomhidirghabhálaí an Aontais Eorpaigh  Michel Barnier Dé Luain.

Dúirt Príomh-aire na Breataine arís inniu le hiriseoirí i Yorkshire go mbeidh an Bhreatain ag fágáil an Aontais Eorpaigh ar an lá deireannach den mhí seo chugainn.

Beidh tuairim níos fearr aige i ndiaidh an Luain seo chugainn nuair a bhuailfidh sé den chéad uair le hUachtarán an Choimisiúin Eorpaigh, Jean Claude Juncker i  Luxembourg.

Deir an Bhruiséil arís agus arís eile nach bhfuil an Comhaontú Aistarraingthe le hathrú ar dhóigh ar bith.

Dúirt an Taoiseach ar maidin go bhfuil bearna mhór go fóill idir an Bhreatain agus an tAontas san idirghabháil ach go leanfar den chaint chun socrú a aimsiú.

Inniu dúirt an grúpa feachtais in aghaidh teorainn chrua ''Pobail Cois Teorann in Aghaidh Brexit'' gur thug Ambasadóir na Fraince in Éirinn Stéphane Crouzat gealltanas don ghrúpa ag cruinniú inné go gcaithfí Comhaontú Aoine an Chéasta a chosaint.

Síleadh go forleathan go raibh dul chun cinn ag tarlú idir Boris Johnson agus an DUP ó tuairiscíodh i nuachtán an Times sa Bhreatain go mbeadh an páirtí sásta maolú ar chúlstad do Thuaisceart Éireann amháin.
Dúirt an nuachtán go mbeadh an DUP sásta glacadh le rialacháin áirithe de chuid an AÉ i ndiaidh an Bhreatimeachta.

Ach inniu dúirt an DUP gur seafóid a bhí sa tuairisc seo agus nach nglacfaidh an páirtí le cúlstad de chinéal ar bith ná le hainm ar bith eile. "Ní bheimid ag glacadh le socruithe ar bith a scarfadh amach ón Ríocht Aontaithe muid, " a dúirt urlabhraí Breatimeachta an pháirtí sin, an feisire  Sammy Wilson .