Beidh an tionchar atá ag an aighneas leanúnach in earnáil na mairteola le feiceáil i roinnt ollmhargaí ar fud na tíre inniu.

Deir an t-ollmhargadh Gearmánach, Aldi go mbeifear ag cur lipéid nua ar roinnt táirgí mairteola agus muiceola de chuid na tíre seo, ag rá go bhfuil siad próiseáilte sa Ríocht Aontaithe.

Dúirt Aldi go bhfuil an t-achrann leanúnach ag cur isteach ar shlabhra soláthair an chomhlachta. 

Deir Aldi go bhfuil sé deacair orthu a chinntiú go mbeidh táirgí Éireannacha acu mar gheall ar an aighneas agus go bhfuil táirgí próiseáilte ag a soláthraí ABP,  i roinnt ionaid dá gcuid sa Ríocht Aontaithe.

Beidh fógraí le feiceáil in ollmhargaí agus beidh lipéid soiléir ar na táirgí feola ag rá 'proiseáilte sa Ríocht Aontaithe'. 

Agus an tionchar anois le feiceáil ag an custaiméir, tuairiscítear go bhfuil an dul chun cinn san aighneas mall ach go bhfuil dul chun cinn á dhéanamh.