Tá an tAire Talmhaíochta Michael Creed le cainteanna atá dírithe ar réiteach a fháil ar aighneas na mairteola a reáchtáil maidin amárach i mBaile Átha Cliath. 

Tá sé deimhnithe go mbeidh na príomheagraíochtaí feirmeoireachta agus lucht próiseála feola páirteach sna cainteanna a reachtáilfear sa Roinn Talmhaíochta i mBaile Átha Cliath.

Tráthnóna, d'impigh an tAire ar an dá thaobh seasamh siar ón achrann agus dul i mbun idirbheartaíochta chun teacht ar réiteach. 

Tá sé ráite ag Bord Bia go bhfuil monarcha nua próiseála ceadaithe agus iniúchadh déanta acu air i dTuaisceart Éireann chun feoil a phróiseáil don margadh i ndeisceart na hÉireann. 

Dúirt Príomhfheidhmeannach Bord Bia muna dtiocfar ar réiteach ar an aighneas go luath, go bhféadfadh sé go mbeadh ganntanas ar tháirgí mairteola do chustaiméirí sna siopaí.