Tá iarrtha ag an dTaoiseach Leo Varadkar ar an dTeachta Dála Noel Grealish ráiteas a rinne sé faoi lucht iarrtha tearmainn an tseachtain seo a tharraingt siar.

Tá físeán a tógadh don dTeachta Dála Neamhspleách ag labhairt ag ocáid phoiblí in Uachtar Ard na Gaillimhe maidir le pleananna atá ann ionad soláthar díreach a dhéanamh as sean-ostán ar an mbaile. 

Sa chaint a rinne Noel Grealish in Uachtar Ard oíche Dé Céadaoin, líomhnaítear go ndúirt an Teachta Dála gur dócha gur imiricigh eacnamaíochta ón Afraic a bheadh sa lucht iarrtha tearmainn agus ní fíor-theifigh Críostaí atá ag teitheadh ó ghéarleanúint. 

Go dtí seo, níl an Teachta Dála Grealish i ndiaidh iarratais ar agallamh ó na meáin a fhreagairt agus níl aon ráiteas éisithe aige ar an ábhar. 

Tá cáineadh déanta ar an dTeachta Dála faoin ráiteas conspóideach a líomhnaítear a rinne sé ag an gcruinniú poiblí in Uachtar Ard an tseachtain seo.