Tá athbhreithniú á lorg ag Keith Byrne as Éirinn ar ordú díbeartha atá tugtha ag údaráis Mheiriceá do agus iarrachtaí nua ar bun aige fanacht sna Stáit Aontaithe. 

Sheol sé fhéin agus a dhlíodóirí aighneacht i scríbhinn go dtí Seirbhísí Inimirce agus Saorántachta na Stát Aontaithe mar chuid de athbhreithniú atá ar bun aige maidir lena chás.

Is as Mainistir Fhear Maí i gContae Chorcaí ó dhúchas do Keith Byrne. I Mí Iúil ghabh oifigigh inimirce Keith  agus é ar a shlí ag an obair i Filideilfia agus coiméadadh é ar feadh coicíse. 

D'ordaigh breitheamh i Pennsylvania go scaoilfí Keith Byrne saor ar feadh 30 lá chun deis a thabhairt do tús a chur le dúshlán dlí i gcoinne a dhíbeartha ó na Stáit Aontaithe. Tá deireadh tagtha leis an bhfaoiseamh ama sin ach deir dlídóirí go bhfuil dearbhú faighte acu nach ndéanfar Keith Byrne a aisghabháil fad is go bhfuil athbhreithniú ar bun faoin a chás. 

Chuaigh Keith Byrne go dtí na Stáit Aontaithe i 2007, ach d'fhan sé níos faide ná an víosa 90 lá a bhí aige.

I 2009 phós sé a bhean Keren agus tá triúr leanaí acu.

Thep ar iarrachtaí Keith Byrne cárta glas a fháil mar gheall ar dhá chúis a bhaineann le seilbh drugaí in Éirinn a bheith aige.