Measann an Coimisinéir Eorpach Phil Hogan go mbeidh ballstáit an Aontais Eorpaigh sásta síneadh ama a thabhairt don Ríocht Aontaithe ar spriocdháta an Bhreatimeachta má lorgaíonn an Bhreatain síneadh ama eile tar éis an 31ú Deireadh Fómhair. 

Níor chuid an Coimisinéir as an áireamh ach an oiread go bhféadfaí Reifreann eile ar an mBreatimeacht a reachtáil sa Ríocht Aontaithe ach dúirt sé go mbraitheann sé sin ar cén saghas Rialtas a bheidh ann má reachtáiltear olltoghchán sa Bhreatain sna míonna atá le teacht. 

Níos luaithe dúirt an Coimisinéir Hogan go bhfuil sé dóchasach gur féidir Breatimeacht gan socrú a sheachaint. 

Bhí sé ag caint ag comhdháil bhliantúil den gCumann Talamhaíochta Eolaíochta i gCill Chainnigh ar maidin.

Dúirt an Coimisinéir gur chabhraigh an méid atá déanta ag ''Comhghuaillíocht na Reibiliúnaithe'' mar a thug sé orthu, i dTeach na dTeachtaí chun Breatimeacht gan socrú a sheachaint agus chun cur leis an seans a bheadh ann síneadh ama eile a fháil ar dáta an Bhreatimeachta.  

Dúirt Phil Hogan go bhfuil cosáin shoiléir ann fós chun toradh ciallmhar a fháil ar chás an Bhreatimeachta.  

Dúirt sé arís eile go mbeadh ar an Ríocht Aontaithe glacadh leis an dualgas atá orthu teacht ar réiteach inoibrithe maidir leis an gcás. 

Dúirt Phil Hogan go mbeidh roinnt 'anonn agus anall' ann ach gur féidir go leor a bhaint amach sna seachtainí atá le teacht.