Tugadh beirt os comhair na cúirte dúiche i gCorcaigh inniu agus iad cúisithe mar chuid d'fhiosrúchán na nGardai faoi bhás Paul Jones sa chathair an deireadh seachtaine seo caite.

Fuarthas chorp i dteach ar Bhóthar Dhroichead na Bandan i ndeisceart chathair Chorcaí Dé Sathairn.

Cúisíodh a dheirfiúr Helen Jones sa chúirt tráthnóna faoi bhriseadh isteach sa teach

Roimhe sin, cúisíodh Keith O'Hara, 41 bliain as Ascaill na Cathrach Gile, sa Bhaile Bocht i gCorcaigh faoi bhriseadh isteach i dteach ar 4 Meán Fómhair agus rún aige duine a ionsaí.

Cuireadh an bheirt siar faoi choinneáil go dtí an tseachtain seo chugainn.