Tá pearsa cháiliúil i nGaeltacht Mhúscraí, Beitsí Ní Shuibhne, tár éis bháis. Bhí sí 82 bliain d'aois.

B'as Cúil Aodha í Beitsí Ní Shuibhne agus bhí sí aiteanta as an obair a rinne sí chun teanga, cultúr agus oidhreacht an cheantair a chaomhnú. 

Bhí páirt mhór aici i nDámhscoil Mhúscraí Uí Fhloinn a bhuanú, í ina hUachtarán le seal de bhlianta ar an scoil léinn lena raibh a hathair Pádraig Mac Suibhne, an Suibhneach Meann, luaite ó thús. 

Ba chol ceathar leis an bhfile Dónal Ó Liatháin í.

Oileadh ina múinteoir tís í agus chaith sí a saol gairmiúil i gcathair Luimnigh.

Cuirfear Aifreann sochraide le hanam Bheitsí Ní Shuibhne arú amárach sula gcuirfear i Reilig Ghobnatan i mBaile Bhuirne í.

Beitsí Ní Shuibhne ag caint ar Dhámhscoil Mhúscraí ar RTÉ Raidió na Gaeltachta