Dúirt an Taoiseach Leo Varadkar inniu gur Bealtaine na bliana seo chugainn an t-am ceart le haghaidh olltoghcháin. 

Ag labhairt dó ag comhdháil Fhine Gael i nGarraí Bhoithe in oirthear Chorcaí inniu, dúirt an Taoiseach go bhfeilfeadh an dáta sin mar go mbeadh pé socrú a dhéanfar faoi imeacht na Breataine as an Aontas Eorpach curtha i bhfeidhm faoi sin.

Thug an Tánaiste agus an tAire Gnóthaí Eachtracha Simon Coveney le fios gur scríobh an Taoiseach chuig ceannaire Fhianna Fáil Micheál Martin roinnt míonna ó shin le cur in iúl dó go mbeadh olltoghchán ann an samhradh seo chugainn.

Dúirt an Tánaiste gur iarr Leo Varadkar ar Mhicheál Martin an deis agus an t-am a thabhairt don Rialtas na rudaí is gá a dhéanamh ar son na tíre a chur i gcrích.

Thug Simon Coveney le fios go raibh an t-am seo ag teastáil go háirithe dá n-imeodh an Bhreatain as an Aontas Eorpach gan aon socrú.

In earrach na bliana 2016 a bhí an t-olltoghchán deireanach ann.