Tá achainíocha á ndéanamh sa Bhreatain parlaimint Westminster a aisghairm i bhfianaise na cáipéise atá foilsithe ag an rialtas thall faoina bhfuil i ndán don tír má imíonn sí as an Aontas Eorpach gan margadh a dhéanamh. 

Deirtear sa cháipéis go bhféadfadh caismirtí a bheith ar na sráideanna, go bhféadfaí ardú teacht ar phraghas bia agus go bhféadfadh cógais leighis a bheith gann.

Deirtear freisin gurbh fhéidir nach bhféadfaí teorainn chrua sa tír seo a sheachaint.

Dúirt Páirtí an Lucht Oibre go bhfuil sé níos tábhachtaí anois ná riamh an pharlaimint a aisghairm leis na ceisteanna seo ar fad a phlé.

Thug Rialtas na Breataine le fios go bhfoilseoidh siad leagan leasaithe den cháipéis as seo go ceann roinnt laethanta ag déanamh cur síos ar an obair atá déanta ó toghadh Boris Johnson ina Phríomh-Aire.

San Ardchúirt i mBéal Feirste inniu, caitheadh amach cás a tugadh in aghaidh na socruithe atá Príomh-Aire na Breataine Boris Johnson a dhéanamh d'imeacht na Breataine as an Aontas Eorpach.

Bhí an dream a thug an cás ag maíomh go mbeadh Boris Johnson ag sárú an dlí dá n-imeodh an Bhreatain as an Aontas agus gan aon socrú déanta.

Rialaigh an Ardchúirt freisin nach gcuirfeadh na pleananna isteach ar an bpróiseas síochána sa Tuaisceart.

Inné, rialaigh an chúirt achomhairc is airde in Albain go raibh scor na parlaiminte i Westminster go dtí lár na míosa seo chugainn neamhdhleathach.

Tá an Chúirt Uachtarach i Londain chun achomharc in aghaidh an rialaithe sin a éisteacht De Máirt seo chugainn.