Tá sé curtha as an áireamh ag an Aire Airgeadais Paschal Donohoe go n-ísleofar cáin phearsanta i mBuiséad 2020 i gceann ceithre seachtaine.

Thug sé le fios go bhfuil an Buiséad á réiteach ag an Rialtas ar an tuiscint go n-imeoidh an Bhreatain as an Aontas Eorpach ag deireadh na míosa seo chugainn gan aon margadh a dhéanamh

Ag labhairt dó ag Tithe an Rialtais, dúirt an tAire Donohoe go bhfuil sé tábhachtach dearbhú a thabhairt do lucht gnó agus do shaoránaigh na tíre go bhfuil an Rialtas réitithe d'imeacht na Breataine gan mhargadh agus go bhfuil siad réitithe sa chás sin le borradh a chur faoin ngeilleagar.

Ní mhór a chinntiú, a dúirt an tAire, nach ndéanfar socruithe sa Bhuiséad a gcaithfear dul siar orthu.