Tá laghdú déanta ar a gcuid seirbhísí ag beagnach leath na ngrúpaí pobail agus deonacha ar fud na tíre mar gheall ar chomh daor agus atá árachas, de réir taighde atá déanta ag na Líonraí Rannpháirtíochta Pobail.

Dúirt thart ar a leath na ngrúpaí a ceistíodh don taighde go bhféadfadh sé go mbeidh orthu deireadh ar fad a chur lena gcuid seirbhísí má choinníonn táillí árachais ag ardú.

Dúirt cumannn marcaíochta capall Fhothair Chardain i dTamhlacht i mBaile Átha Cliath go bhfuil a chúig oiread d'ardú tagtha ar an méid árachais a íocann siad.