Rialaigh an chúirt achomhairc is airde in Albain go bhfuil cinneadh Phríomh-Aire na Breataine Boris Johnson parlaimint Westminster a scor ar feadh cúig seachtaine neamhdhleathach.

Tá fáilte curtha roimh rialú na cúirte ag feisire Pháirtí Náisiúnta na hAlban Joanna Cherry ar duine den dream a thug an cás í.

Tá sé i gceist ag Rialtas na Breataine achomharc a dhéanamh sa Chúirt Uachtarach i Londain in aghaidh an rialaithe.

Scoireadh parlaimint Westminster Dé Luain go dtí 14 Deireadh Fómhair. 

Maíonn an freasúra gur scoireadh an pharlaimint le nach bhféadfadh feisirí pleananna an Phríomh-Aire Johnson a phlé agus le go bhféadfadh sé glacadh le himeacht na Breataine as an Aontas Eorpach gan socrú.