Tá Uachtarán Fheirmeoirí Aontaithe na hÉireann Joe Healy ag iarraidh ar ionadaithe ó Thionscal Feola na hÉireann dul ar ais i mbun cainteanna leis na feirmeoirí féachaint le réiteach a fháil ar an aighneas faoi phraghas beostoic.

Ag labhairt dó ar RTÉ, d'iarr Joe Healy ar an Aire Talmhaíochta Michael Creed cruinniú a shocrú idir an dá dhream.

Tá suas le 3,000 oibrí monarchan ligthe chun bealaigh go sealadach mar gheall go bhfuil feirmeoirí ag cur bac eallach a thabhairt chuig na monarchana le marú.

Cuireadh siar cainteanna a bhí le bheith ann arú inné maidir leis an easaontas faoi phraghas na mairteola mar nach bhfuil Tionscal Feola na hÉireann sásta freastal orthu nó go gcuirfidh feirmeoirí deireadh le léirsithe ag na monarchana.