Tá 3,000 oibrí i monarchana feola ar fud na tíre ligthe chun bealaigh go sealadach, a deir eagraíocht na bhfostóirí Tionscal Feola na hÉireann. 

I gceann de na monarchana - Dawn Meats sa Ghreanach ar an teorainn idir Cill Chainnigh agus Port Láirge - ligeadh 300 oibrí chun siúil ar bhonn sealadach. Tugadh an scéal d'fhoireann na monarchan tráthnóna. 

Deir Dawn Meats gurb iad na picéid atá ar bun ag feirmeoirí mairteola ag monarcha na Greanaí is cúis leis an gcinneadh na hoibrithe a ligean chun siúil. 

Deir an comhlacht go gcaillfidh daoine a bpoist i monarachana eile dá gcuid freisin mar gheall ar na léirsithe atá ar bun le roinnt seachtainí. Tá na feirmeoirí ag éileamh praghas níos airde ar a gcuid beithíoch.

Is cosúil go bhfuil roinnt oibrithe díomhaoin agus nach bhfuil aon obair eile le déanamh acu.

Bhí fógra tugtha ag lucht próiseála feola níos túisce inniu go gcaithfí monarchana feola ar fud na tíre a dhúnadh dá leanfadh feirmeoirí orthu i mbun léirsithe.

Cuireadh siar comhráite a bhí le bheith ann inné maidir leis an easaontas faoi phraghas na mairteola mar nach bhfuil an eagraíocht Tionscal Feola na hÉireann sásta freastal orthu nó go gcuirfidh feirmeoirí deireadh le léirsithe ag na monarchana.

Rinne an tAire Talmhaíochta Michael Creed achainí inniu ar an eagraíocht, a dhéanann ionadaíocht ar lucht na monarchana, páirt a ghlacadh sna comhráite.