Tá cruinniú le bheith ag ceannaire an DUP Arlene Foster le Príomh-Aire na Breataine Boris Johnson tráthnóna inniu le himeacht na Breataine as an Aontas Eorpach a phlé.

Ní raibh aon ghlacadh ag an DUP arís inniu le caint ar bith go bhféadfaí réiteach a fháil ar an tsáinn faoi imeacht na Breataine dá ndéanfaí moltaí faoi chúlstad don Tuaisceart amháin.

Ag labhairt dó i Londain, dúirt Boris Johnson go bhfuil bealach ann le margadh a fháil ach go gcaithfear obair mhór a dhéanamh air.

Cuireadh parlaimint na Breataine ar fionraí aréir agus chinn ar an bPríomh-Aire sa dara hiarracht a rinne sé olltoghchán a ghairm.

Dúirt sé go bhfuil go leor daoine sa Bhreatain agus ar fud na hEorpa ag iarraidh go gcuirfí bailchríoch ar an bpróiseas imeachta.