Tá Fine Gael le tús a chur le hathbhreithniú ar cé mar a d'éirigh leis an bpáirtí sna toghcháin áitiúla i nDún na nGall ag cruinniú i Srath an Urláir anocht.

Tá cuireadh tugtha ag an bpáirtí do na hiarrthóirí ar fad a bhí acu sa toghchán áitiúil i mí na Bealtaine chuig an gcruinniú.

Bhí cúig iarrthóir déag ag Fine Gael sa toghchán áitiúil i nDún na nGall agus toghadh seisear acu. D'éirigh an Comhairleoir Frank McBrearty as mar chomhairleoir sé lá i ndiaidh an toghcháin, áfach.

Tuairiscítear go mbeidh baill d'fheidhmeannas náisiúnta Fhine Gael i láthair ag an gcruinniú anocht. 

Dúirt duine de na hiarrthóirí sa toghchán áitiuil nár éirigh leis suíochán a fháil, an t-iarchomhairleoir contae Noel McBride, cé go bhfuair sé cuireadh chuig an gcruinniú nach mbeidh sé i láthair. Mhaígh sé gur cur amú ama atá ann. 

Dúirt Noel McBride go bhfuil go leor le foghlaim ag Fine Gael ó na toghcháin agus go gcaithfidh an páirtí éisteacht feasta le baill an pháirtí áitiúil.

Tá cuid mhór frustrachais i measc na mball faoi staid reatha an pháirtí, a dúirt sé, agus ní réiteofar é sin go mbeidh deis ag na baill an cheist a phlé le coiste náisiúnta an pháirtí.