Bhí Aifreann sochraide Nóra Quoirin, cúig bliana déag d'aois, ar siúl sa séipéal inar baisteadh í i mBéal Feirste inniu.

D'imigh Nóra gan tuairisc sa Mhalaeisia ag tús na míosa seo caite nuair a bhí sí ar saoire in éineacht lena teaghlach.

Fuarthas a corp deich lá ina dhiaidh sin thart ar dhá chiliméadar go leith ón teach saoire a bhí acu.

Dúirt na póilíní sa Malaeisia gur ocras agus strus ba thrúig bháis do Nóra. 

Bhí Nóra agus a teaghlach ag cur fúthu i Londain agus b'as an bhFrainc agus Éirinn a muintir, Sébastien agus Méabh Quoirin.

Bhí an tAifreann ar siúl i Séipéal Bhríde i ndeisceart Bhéal Feirste. Bhí seanuncail le Nóra - an tAthair Pat Kelly - i measc na sagart a cheiliúir an tAifreann.