Deir lucht próiseála feola go gcaithfear monarchana feola ar fud na tíre a dhúnadh má leanann feirmeoirí orthu i mbun léirsithe.

Tá oibrithe i gcuid de na monarchana ligthe amach go sealadach de bharr nach bhfuil aon obair le déanamh acu.

Cuireadh siar comhráite a bhí le bheith ann inné maidir leis an easaontas faoi phraghas na mairteola mar nach bhfuil an eagraíocht Tionscal Feola na hÉireann sásta freastal orthu nó go gcuirfidh feirmeoirí deireadh le léirsithe ag na monarchana.

Rinne an tAire Talmhaíochta Michael Creed achainí inniu ar Thionscal Feola na hÉireann, a dhéanann ionadaíocht ar lucht na monarchana, páirt a ghlacadh sna comhráite.